Thursday, July 02, 2009
Lár an tSamhraidh
Tá rud éigin cearr le mo ríomhaire an tseachtain seo. Ní fheadar cad é go fóill, tá sé ar saghas “go slow” seans gur bhris víris isteach in ainneoin Norton.
Beidh mé ag imeacht amárach go dtí an Dún Beag i gcontae an Chláir le haghaidh seachtaine, beidh bainis mo neachta ann ag deireadh na seachtaine seo chugainn, ansin baileoidh mé liom go Baile Átha Cliath agus plean a bheith thar n-ais i Nua Eabhrac lár mí Iúil. Níl mo mhadra ró mhaith le déanaí agus tá drogall orm í a fhágáil ach níl dul as agus ar a laghad beidh sí ag fanacht sa bhaile, níl gach duine ag taisteal.
Tá súil agam go mbeidh seans agam lá nó dhó a chaitheamh thuas sa Catkills ag an bhFéile i mbliana, feicfidh mé. Seo blaiseadh de ón bhliain seo chaite. Bhí an tréimhse ghearr a chaitheas ann go breá.
Bain sult as.
Monday, June 22, 2009
Báite i Nua Eabhrac
Táim beagnach báite anseo i Nua Eabhrac.
Táim imithe bán leis an diabhal fearthainn.
Ní tharlaíonn é seo ach amháin nuair a bhím in Éireann gach samhradh!
Tá sé ag cur go trom ó oíche dé Chéadaoin an tseachtain seo chaite, gan an ghrian a fheiscint ó shin ach an cor nóiméad agus í ag déanamh na bhfolachán.
Tá na rósanna sa ghairdín ina bpraiseach.
Thit nead mhór na seangán thíos an simléir sa chistin.
Tá planda na piobair dearga agus glasa ag snámh sa ghairdín.
Táim ag éirí leisciúil leis!
Braithim ualach na scamall dorcha ar mo ghuaillí laga.
Níl puinn fuinnimh agam!
Ochón.
Tuesday, June 16, 2009
Ar an Tráigh in Oregon.

Luaigh mé an tréimhse ghearr a chaitheas in Oregon le déanaí. Chaith ceathrar againn tráthnóna an deas ag spaisteoireacht ar an tráigh seo. Dé Domhnaigh a bhí ann agus tráthnóna geal grianmhar leis, ba thrua go raibh an tráigh chomh plódaithe sin….ba bhreá liom dul thar n-ais uair éigin níos ciúine!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!
Thursday, June 11, 2009
Nollaig 2009!

Nollaig 2009?? Yikes... An bhfuil tú as do mheabhair a Hilary?? An bhfuilim as mo mheabhair??????
Níl Mí na Samhna buailte linn go fóill, gan trácht ar Lúnasa fiú.
Bhuel má tá ealaíontóir óg sa tigh tá sé in am a bheith ag smaoineamh ar Nollaig 2009.
Fuair mé nóta le déanaí ó Breandán Ó Caollaí, leas Ard-Chonsail na hÉireann anseo i NYC agus chuir sé in iúl dom go bhfuil comórtas ar bun ag Glór na hÉireann faoi láthair na gaeilgeoirí óga thar lear a aithint. Tá spriocdháta de na cártaí a bheith san Ambasáid na hÉireann Washington roimh 31 Meitheamh 2009. Seo daoibh na sonraí uile:
Sliocht as litir Ghlór na nGael:
Le tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Eachtracha, Aonad na nÉireannach Thar Lear, thosaigh Glór na nGael comórtas bliantúil i 2005, Global Gaeilge, le haitheantas a thabhairt don obair a dhéantar thar lear leis an Ghaeilge a chur chun cinn.
Tugann an comórtas spreagadh agus moladh do na grúpaí sin atá ar fud an domhain in obair fhorbartha na Gaeilge cheana féin agus síneann sé lámh an mhuintearais i dtreo grúpaí Éireannacha nach bhfuil an Ghaeilge ar a gclár oibre acu go fóill.
I gcomhair le hocht hambasáid Éireannacha, agus mar fhorbairt ar an chomórtas Global Gaeilge, ba mhaith linn comórtas cártaí Nollaig a eagrú do 2009. Ag tús Dheireadh Fómhair 2009, i gcomhair le gach ambasáid roghnófar an trí chárta is fearr ón tír ina bhfuil an ambasáid suite. Beidh duaischiste iomláin de €4,000 ag an gcomórtas seo Comórtas Deartha Cártaí Nollag roinnte thar an ocht n-ambasáid, .i.e., €500 do gach tír.
Ba mhaith le Glór na nGael cuireadh a thabhairt d’Ambasáid na Stát Aontaithe comhoibriú linn agus muid ag reáchtáil an chomórtais seo.
Mar atá ráite thuas, beidh Glór na nGael sásta €500 a bhronnadh ar bhuaiteoirí an chomórtais mar seo a leanas; 1 áit €250, 2 áit €150, 3ú áit €100.
Critéir:
• Caithfidh na beannachtaí ar na cártaí bheith trí mheán na Gaeilge
• Caithfidh na hiontrálaithe bheith ina gcónaí taobh amuigh d’Éirinn
• Caithfidh na cártaí bheith ag an Ambasáid roimh 31 Meitheamh 2009 agus moltaí an Ambasáide ag Glór na nGael roimh 17 Iúil 2009.
• Bronnfar an duais ar na buaiteoirí ag ócáid cheiliúradh Ghaeilge i ngach ambasáid roimh 1 Nollaig 2009.
• Roghnóidh Glór na nGael an trí chárta is fearr ón ocht dtír agus foilseoidh Glór na nGael iad, más féidir.
Wednesday, June 10, 2009
An Fhulaingt agus an Fhulangacht
Bhí mórshiuil inniu.
Friday, June 05, 2009
Lá dar Saol

Tháinig mé thar n-ais go Nua Eabhrac oíche Dé Luain tar éis deireadh seachtaine ar an taobh eile den Tír…Portland, Oregon. Chaitheas leath lá Déardaoin agus ansin trí lá eile ann. Bhí an aimsir go hiontach ar fad, tirim agus grianmhar an t-am ar fad agus bhaineas an taitneamh as mo chairde ar an gcósta thiar a fheiscint arís.
D’fhreastal beagnach seachtó daoine ar an Lá na Gaeilge i gColáiste Marylhurst dé Sathairn agus lean an lá go lár na hoíche, rud a tharlaíonn aon uair a thagann scata Gaeilgeoirí le cheile. Bhí dream ana mhaith i mo rangsa agus bhí craic againn le cheile, bhíodar uile an-dearfach agus an-díograiseach ar son na cúise!
Chaitheas lá breá ansin dé Domhnaigh ar an gcósta. ‘Sé sin timpeall dhá uair go leith ó Portland sa chart. Bhuail triúr againn, mé féin, Imelda de Faoite ó California, (múinteoir na Gaeilge ansin agus áiteanna eile timpeall na tíre) agus Bob de Burca ó Camas Washington (Múinteoir na Gaeilge i bPortland agus bainisteoir an cheiliúrtha i Marylhurst an lá roimhe sin) isteach ar chara linn, Ger Killeen. Is scríbhneoir é Ger, agus is léachtóir é i gColáiste Marylhurst, agus ar ndóigh múinteoir na Gaeilge i bPortland é chomh maith. Is as cathair Luimnigh ó dhúchas é ach tá sé lonnaithe amach ar an gcósta thiar le fada anuas. Chaith an ceathrar againn tráthnóna an-taitneamhach le cheile, ar dtús inár suigh sa ghairdín lár na coille, ar thaobh cnoic in áit iargúlta, ciúin. Bhíomar ag caint faoi ainmhí fiáine an cheantair…beáir! cait fiáin mar shampla cougars, agus a leithéid gan trácht ar na sceallóga manaigh (ha!) a bhí os ár gcomhair amach ag goid bhia ó bhord na héanlaithe. Ansin siar linn go dtí an tráigh Winema. Tráigh mhór leathan álainn atá inti. Bhí fuaim na ciúin-aigéin inár gcomhluadar agus do bhí rónta ag labhairt linn fad is a shiúlamar ar an dtráigh sciamhach spéiriúil seo. Ní fheadar an bhfuil mórán níos fearr ná tamall a chaitheamh in áit iontach draíochta, i gcomhluadar breá agus an ghrian ag spalpadh anuas, neamh bainte amach ar an gcruinne arís, mar nach inár smaointí féinig a mhaireann sí ach í a aithint?
Wednesday, May 27, 2009
Ceiliúrtha na dTeangacha in Oirthear agus in Iarthar na Tíre.
Thángamar le cheile ar dtús oíche Dé Chéadaoin ach thosnaigh imeachtaí i gceart maidin Déardaoin. Bhí múinteoirí na teangacha cheilteacha eile i láthair, agus daoine le suim mhór sna teangacha seo cé nach múinteoirí iad. Is iad an Ghaeilge agus an Bhreatnais na teangacha is coitianta as an aicme seo sna SAM agus bhí sé ana shuimiúil domsa bualadh leis na múinteoirí uile eile. D’fhoghlaim a lán faoi shaol na Breatnaise faoi láthair ní h-amháin sa Bhreatain Bheag ach sa tír seo. Bhí daoine le Gaeilge na hAlban nó Gaelic, Breton agus Cornish ann chomh maith. Ní fíor teanga í Cornish níos mó áfach, dar liomsa ar aon nós, go mór mhór tar éis éisteacht le léacht fúithi. Níl inti anois ach ábhar díospóireachta agus is cosúil go mbíonn na díospóireachtaí uile seo trí mheán an Béarla!
Bhíos ag smaoineamh go mbeadh an teacht le cheile seo níos fearr thar deireadh seachtaine in ionad i lár na seachtaine. D’oir na dátaí an tseachtain seo chaite leo a bhíonn ag múineadh sna hollscoileanna nó leo siúd atá éirithe as a bpostanna. Tá aithne agam ar ana chuid múinteoirí na Gaeilge a oibríonn mar mhúinteoirí go páirt aimseartha anseo, fad is a bhíonn post lán aimseartha acu chomh maith. Ní féidir leosan cúpla lá saor a ghlac i lár na seachtaine….leis an fhirinne a dhéanamh is iadsan na príomh múinteoirí i mbeatha agus i mbeochan na Gaeilge sa tír seo agus ba bhreá liom iad a fheiscint ag ócáidí mar seo sa todhchaí.
Rachaidh mé go Portland, Oregon, maidin amárach. Beidh Lá na Gaeilge ar siúil Dé Sathairn agus is mór an phribhléid dom a bheith páirteach mar mhúinteoir ó bhunaíodh an ceiliúradh seo. Cuireann Bob Burke agus Aislinn Adams an lá iontach seo le cheile le trí bhliain anuas agus táim ag súil go mór le mo chairde ó iarthar na tíre a fheiscint arís amárach.
Beidh an ócáid lonnaithe i Marylhurst University, Portland.
Má bhíonn tú sa cheantar bí Linn!
Wednesday, May 20, 2009
NAACLT
Tuesday, May 19, 2009
Cluanóg Ghrianmhar
Bhíos as láthair tamaillín! Brú oibre ar dtús agus ansin gá sosa ón ríomhaire…Bhí teannáin mo chaol láimhe faoi theannas agus bhí eagla orm go dtiocfadh an diabhal galar sin gríosú na dteannán thar n-ais orm…(níor imigh sé go h iomlán ón gcéad ionsaí cúpla bliain ó shin.)
Ach bhí deireadh seachtaine bhreá agam i dtuaisceart an stáit. Ní raibh an aimsir ró mhaith ach bhí sé ceart go leor fad is a bhíos féin taobh amuigh. Bhuail stoirm orainn tráthnóna dé Sathairn agus ní dóigh liom gur chualas fearthainn chomh trom sin riamh.
Ansin maidin dé Domhnaigh tháinig an ghrian ar cuairt agus bhí cumhracht bhreá an earraigh sa ghairdín. Tá roinnt crann fia-úll agam sa ghairdín agus tá siad faoi bhláth anois mar aon le craobh liathchorcra, álainn. Is deas an cluanóg seo atá déanta acu, ach ní maireann na bláthanna ró fhada agus tá áthas orm go rabhas in ann iad a fheiscint i mbliana.
Thursday, May 07, 2009
Easpa Céille
Ní dhéanann sé ciall ar bith an aimsir a luaigh anseo, táim i mo cheap magaidh aici!
Tháinig an báisteach ag an deireadh seachtaine agus níl deireadh leis go fóill. Inniu an Déardaoin! Tá sé fuar, bhí orm stocaí a chaitheamh arís inné agus Dé Luain.
Tá mo chuaráin uaim!
Ag tagairt ar cheapa magaidh is mór an trua nach bhfuil tuismitheoirí níos fearr ag Bristol Palin. Cén cineál daoine a chuirfeadh a n-iníon álainn ós comhair an phoiblí mar seo? Nach bhfuil ciall ar bith ag ceachtar acu?
Deireadh seachtaine na Gaeilge in Esopus ag tosnú oíche amárach!
Wednesday, April 29, 2009
An Aimsir!
Bhí sé chomh te anseo thar an deireadh seachtaine seo chaite agus tús na seachtaine seo. 92 céim f, sin 33 c. Cheapfá go raibh mí Lúnasa buailte linn. Shíl mé go mbeadh sé fionnuar sna oícheanta ach ní raibh, ní anseo ach go háirithe. Ach nílim ag gearán, is aoibhinn liom an aimsir bhreá ach i mbliana bhí an t-earrach mall go leor agus bhain an teas seo geit asainn anseo i Nua Eabhrach. Bhíomar fós ag caitheamh buataisí...Chuaigh mé díreach ó hata na holla go hata na gréine.
Tuesday, April 21, 2009
Ócáid An Deas
Ba é Pádraic Ó Ciardha ár n-aoi chainteoir i mbliana. Is é leas cheannasaí ar TG4 le deich mbliana anuas é agus tá taithí fhada, fhairsing aige ar an gcraoltóireacht agus ar an iriseoireacht chraolta.
Chun tús a chur ar an ócáid labhair an t-ollamh Joe Lee faoi na poist agus na cúraimí a bhíodh ag Pádraic ó thús a laethanta oibre, liosta nach beag!
Cén aois atá ort anois agus an méid seo déanta agat, a deir sé, is dócha gur sean duine caite tú?
Leis sin léim fear scafánta os ár gcomhair!
Bhíomar díreach inár ndúiseacht!
An méid seo déanta ag an bhfear óg seo?
(Chuala go bhfuil botox le fáil in Éirinn na laethanta seo)
Labhair Pádraic faoi stair Raidió Éireann ón lá a bhreithe ag tús an chéid seo chaite go dtí an lá atá inniu ann i slí bheoga bhíogúil anamúil agus bhí an dream go léir faoi draíocht aige an t-am ar fad.
Léirigh sé go soiléir dúinn na sean nósanna a bhíodh ann fadó i gcúrsaí craoltóireachta na tíre agus an tslí inar thosnaigh an stáisiúin ag tabhairt aire ar traidisiúin na nGael, ar dtús sna caogaidí i gcúrsaí cheoil agus i gcúrsaí bhéaloidis, le bailitheoirí Ciaran Mac Mathúna, Séamas Ennis agus Seán Mac Réamoinn. (Chuir sé i gcuimhne dom gur bhaineas féin an taitneamh as Mo Cheol Thú fad is a bhíos ag fás aníos sna 70s, rud aisteach b’fhéidir do chailín óg go leor ach bhíodh sé ar siúil maidin Dé Domhnaigh…..am breise sa leaba an mhaidin sin!)
Ar aghaidh le Pádraic ansin le teacht an ceoltóir cáiliúil Seán Ó Riada os comhair lucht na hÉireann ag deireadh na 50s buíochas le tacaíocht Gael Linn. Thug ceol Sheáin Uí Riada bród dúinn as ár gcultúr féin agus thosnaigh gaoth aneas ag séideadh ar chultúr na nGael. D’éirigh go maith le ceoltóirí traidisiúnta sna 60s agus cuireadh tús le hócáidí móra, ceiliúrthaí sna samhraí srl go dtí go raibh gá ar stáisiún raidió a chraolfaí céad fán gcéad trí mheán na Gaeilge. Sin a tharla sa deireadh sna 70s le breith Raidió na Gaeltachta agus ní ró fhada ansin go raibh Teilifís na Gaeilge againn, bhuel beagnach fiche bliain! (Tá difríochtaí eatarthu ó thaobh an mheoin áfach, féach ar na teidil “Raidió na Gaeltachta” agus “ Teilifís na Gaeilge”.)
Lean Pádraic le scéalta greannmhara agus ba shoiléir go raibh, agus go bhfuil, a chroí san obair. Tá ana chuid déanta aige agus osclaíonn torthaí a chuid oibre doirse os comhair a lucht leanúna…. le himeacht na mblianta feictear níos mó poist ar fáil do Ghaeilgeoirí agus is iontach an rud é seo. Níl todhchaí na teanga ar ghualainn na bpaistí ar scoil níos mó mar a bhíodh, gan seans acu í a úsáid taobh amuigh den seomra ranga agus as sin easpa suime acu inti (agus easpa suime ag a dtuismitheoirí inti in ainneoin aon dea-thoil a bhíodh acu uirthi de bharr cúrsaí staire).
Bhí an léacht thar a bheith spéisiúil agus bhí aoibh mhaith ar gach aoinne ag an deireadh.
Tá sé tábhachtach a admháil agus sinn ag bogadh ar aghaidh go mbíonn inniúlacht difriúil ag gach pobal na Gaeilge, (agus nach minic a léiríonn meascán mar seo i dteangacha eile go bhfuil na teangacha sin beo agus sláintiúil?) Ciallaíonn caint na ndaoine le i bhfad níos mó ná Gaeilge fhoirfe! Ciallaíonn sé le gnáth caint na bpaistí, gnáth caint na ndéagóirí, gnáth caint daoine oilte agus gnáth caint iad siúd nach raibh an seans acu teacht ar mórán oideachais ina saolta……ach teanga amháin atá inti agus níl aon mhaitheas a bheith mí fhoighneach le pobal amháin nó le pobal eile. ...mar nach iontach an rud é go bhfuil níos mó ná pobal amháin á labhairt!!!
Feictear in aon teanga bheo go mbíonn an chomhréir cheart, an ghramadach cheart ag cuid des na haicmí á labhairt…..pé blas a bhíonn acu, le sin tá sé tábhachtach a bheith dearfach maidir le na haicmí difriúla agus fáilte a chur roimh fhoghlaimeoirí.
Rud amháin atá fíor ná ní bheadh teanga sláintiúil againn ar chor ar bith dá raibh sí faoi smacht phobail nó aicme amháin. Tá an cuspóir againn anois sult a bhaint aisti mar chóras cumarsáide atá fileata agus saibhir.
Wednesday, April 15, 2009
Imeachtaí na Gaeilge i NYC an tSeachtain Seo. Bí Linn!
Tá cúpla rud suimiúil ar siúl an tseachtain seo i NYC. Ar dtús, ócáid i ndílchuimhne ar Bharra Ó Donnabháin, ár gcara uasal. Beidh Pádhraic Ó Ciardha (TG4) ag caint linn ar a 7 a chlog: Is as Cois Fharraige i nGaeltacht na Gaillimhe ó dhúchas dó. Tá sé ina Leas cheannasaí ar TG4 le deich mbliana anuas agus tá taithí fhada, fhairsing aige ar an gcraoltóireacht agus ar an iriseoireacht chraolta, beidh an léacht seo ar siúl oíche Déardaoin @ Áras na hÉireann, NYU Tuilleadh eolais anseo
agus ansin Oíche Dé hAoine beidh oíche scannán againn! Craolfar seacht gearr scannán nua déanta (réasúnta nua déanta, ó 2001 – 2007) sa Cantor, Ionad Scannán Ollscoil Nua Eabhrac. Tuilleadh eolais anseo.
Beidh fáilte roimh chách agus ná déan dearúd go bhfuil na hócáidí seo saor in aisce (gan trácht ar seans do gach duine le suim sa teanga teacht le cheile arís.)
Wednesday, April 08, 2009
Poill Dhubha
Bíonn clann tSuibhne lán sásta a bheith inár suigh timpeall bord an dhinnéir go ceann cúpla uair gach aon oíche a bhíonn an dream againn i láthair, nó fiú cuid againn agus cairde. B’fhéidir go mbíonn leisce ar chách bogadh agus tús a chur ar ghlantóireacht, nó b’fhéidir go gcuireann an fíon leisce ar gach aon duine againn? Ach bíonn am dinnéir i gcónaí gan strus ar bith trí na blianta go dtí go bhfuil saghas clú ar Sweeney Dinners an lá atá inniu ann idir cairde na mac, mar de ghnáth ní bhíonn an nós céanna ina dtithe féinig.
Ós rud é go mbím beannaithe idir fir anseo is minic a bhíonn ábhair chomhrá áirithe eadrainn, cúrsaí spóirt mar shampla, de ghnáth sciáil agus fearas na sciála. (Ní chreidfeá an méid fearais atá ó rásaí sciála) nó cúrsaí innealtóireachta, innill, muilte na gaoithe, conas cumhacht na gréine a fháil go héifeachtach i ngnáth tigh, ríomhairí agus na deacrachtaí a bhaineann le routers, networks agus bogearraí, clips greannmhara ar YouTube agus araile.
Bhíomar ag caint le cheile le déanaí faoi dhaoine le droch aoibh. D’oscail Eoghan an t-ábhar seo le cur síos ar duine éigin a mbíonn i gcónaí ag gearán faoi ghnáth rudaí beaga, nach féidir a bheith sásta riamh, agus ar ndóigh tá aithne againn uile ar an gcineál duine seo. Nílim ag tagairt do dhuine le fíor lagar spride de dheasca tinnis, ach iad siúd a bhíonn i gcónaí ag féachaint ar an mbuidéal agus é leath folamh in ionad leath lán. Bhí Eoghan a rá go nglacann daoine mar iad seo an fuinneamh dearfach ón gcomhluadar agus go mba chóir iad a sheachaint chomh fada agus is féidir. “Is poill dhubha atá iontu siúd a bhíonn ag slogadh siar gach aon mheon nó fuinneamh dearfach” a dúirt fear a’tí.
Anois is arís bíonn orm leithscéal a thabhairt dí maidir le teacht le cheile mar bím ana ghnóthach de ghnáth agus ní maith liom m’am saor a chaitheamh léi, i m’aonar! Tá an ceart ag na fir atá luaite thuas; glacann sí m’fhuinneamh uaim!
Thursday, April 02, 2009
Ceiliúradh cheoil sa Kerry Hall i Yonkers Dé Domhnaigh
Ba as Cill Airne ó dhúchas Johnny ach chaith sé cuid dá shaol anseo i Nua Eabhrac i measc ceoltóirí Nua Eabhrac. Ní raibh aithne agamsa air, ach chuala gur ceoltóir den scoth a bhí ann agus duine dáiríre leis. Bhí ana bhrón ar a chairde uile anseo nuair a chualadar gur imigh sé ar shlí na fírinne le déanaí.
Beidh Aifreann ar dtús ar a dó a chlog leis an Athair Charlie Coen, fear mór cheoil féinig, agus ansin tosnóidh an ceol agus an rince. Beidh baintreach Johnny agus a páistí i láthair. Deirtear liom go mbeidh fáilte is fiche roimh chách le suim i gceol na hÉireann. Tá an ócáid saor in aisce ach tá na timirí ag súil go mbeidh daoine toilteanach deonachán airgid a thabhairt ar an mbealach isteach, mar bhronntanas do chlann Johnny.
